TikTok

LEE/UK/CH

Téarmaí Seirbhíse

(Más úsáideoir tú a bhfuil cónaí ort sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch, san Eilvéis agus sa Ríocht Aontaithe)


Nuashonrú deireanach: Lúnasa 2023


Fáilte go TikTok.

Cuimsítear sna Téarmaí Seirbhíse seo (“Téarmaí”) an comhaontú idir tú féin agus TikTok maidir leis an Ardán a thuairiscítear thíos. Léigh na Téarmaí seo go cúramach. Léigh freisin ár bPolasaí Príobháideachais, ár bPolasaí maidir le Fianáin agus ár dTreoirlínte Pobail.

Déanann tú conradh linn nuair a dheimhníonn tú go nglacann tú leis na Téarmaí seo nó nuair a úsáideann tú an tArdán ar shlí eile.

Cé go molaimid duit na Téarmaí seo a léamh ina n- iomláine, cliceáil anseo chun teacht ar achoimre ar na Téarmaí seo agus ar na téarmaí agus na polasaithe breise atá mar chuid de do theagmháil linn freisin.

Go hachomair: Is conradh é seo idir tú féin agus TikTok. Ba cheart duit é a léamh.

1. Cé leis a bhfuil tú ag déanamh conartha

Braitheann an chuideachta lena bhfuil tú ar conradh ar an áit a bhfuil tú i do chónaí nó ar an áit a bhfuil do phríomháit ghnó agat:

  • Má tá cónaí ort i gceann de na tíortha atá sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (“LEE”) nó san Eilvéis, is le TikTok Technology Limited atá do chonradh, ar cuideachta í atá cláraithe i bPoblacht na hÉireann lena hoifig chláraithe ag 10 Ardán Phort an Iarla, Baile Átha Cliath, D02 T380, Éire agus uimhir na cuideachta 635755.
  • Má tá tú i do chónaí sa Ríocht Aontaithe, is le TikTok Information Technologies UK Limited atá do chonradh, ar cuideachta í atá cláraithe i Sasana lena hoifig chláraithe ag 4 Lindsey Street, Barbican, Londain, EC1A 9HP, an Ríocht Aontaithe agus uimhir na cuideachta 10165711

Go hachomair: Braitheann an chuideachta shonrach TikTok a bhfuil conradh agat léi ar an áit ina bhfuil tú i do chónaí. Má luaimid "TikTok", "muid" nó "sinn" sna Téarmaí seo, táimid ag tagairt don chuideachta shonrach sin mura luaimid a mhalairt.

2. Cad iad na seirbhísí a chumhdaítear leis na Téarmaí seo

Rialaíonn na Téarmaí seo an úsáid a bhaineann tú as seirbhísí TikTok, lena n-áirítear aipeanna TikTok (lena n-áirítear TikTok agus TikTok Now), suímh ghréasáin, bogearraí agus seirbhísí gaolmhara, a ndéantar rochtain orthu trí aon ardán nó tríd an bhfeiste (an “tArdán”). Tá ár dTreoirlínte Pobail mar chuid dár gconradh leat agus, trí chomhaontú leis na Téarmaí seo, geallann tú dúinn go gcomhlíonfaidh tú iad.

Tá na táirgí agus na seirbhísí a ndéanann tú rochtain orthu trí do chuntais TikTok For Business, TikTok Ads Manager agus TikTok Business Center á rialú ag na Téarmaí Seirbhíse Tráchtála ar leithligh.

Go hachomair: Baineann na Téarmaí seo leis an úsáid a bhaineann tú as aipeanna TikTok (lena n-áirítear TikTok agus TikTok Now), suímh ghréasáin, bogearraí agus seirbhísí gaolmhara cibé bealach a fhaigheann tú rochtain orthu. Mar chuid de chomhlíonadh na dTéarmaí seo, ní mór duit ár dTreoirlínte Pobail a leanúint freisin.

3. Téarmaí agus polasaithe breise a d'fhéadfadh a bheith i bhfeidhm ag brath ar na gnéithe a úsáideann tú

D'fhéadfadh téarmaí agus polasaithe breise a bheith i bhfeidhm maidir le táirgí nó gnéithe áirithe den Suíomh a d'fhéadfaimis a chur ar fáil duit, má phostálann tú nó má bheoshruthaíonn tú inneachar áirithe, nó má úsáideann tú an tArdán chun críocha gnó nó tráchtála. Leagtar amach na príomhchinn ar cheart duit a bheith ar an eolas fúthu, agus atá mar chuid de na Téarmaí seo, thíos mar eolas duit:

  • Polasaí maidir le Boinn: Rialaíonn an polasaí seo ceannach agus úsáid bonn fíorúil chun gnéithe ar an Ardán a ghníomhachtú nó a rochtain.
  • Polasaí maidir le Duaiseanna: Rialaíonn an polasaí seo luach saothair a fháil ó TikTok, mar shampla diamaint fhíorúla.
  • Téarmaí maidir le Ceol: Tá feidhm ag na téarmaí seo nuair a phostálann tú inneachar ar an Ardán lena n-áirítear ceol a fhaightear ón leabharlann ceoil nó ó do ghléas pearsanta.
  • Téarmaí maidir leis an Leabharlann Ceoil Tráchtála: Tá feidhm ag na téarmaí seo más eintiteas tráchtála tú nó más mian leat inneachar a phostáil ar an Ardán lena n-áirítear ceol a fhaightear ón Leabharlann Ceoil Tráchtála.
  • Polasaí maidir le Maoin Intleachtúil: Baineann an polasaí seo le gach inneachar ar an Ardán atá faoi chosaint ag cearta maoine intleachtúla.
  • Téarmaí maidir le Ceannachán ó Shiopa TikTok: Tá feidhm ag na téarmaí seo nuair a cheannaíonn tú earraí ar TikTok Shop (nuair atá siad ar fáil).
  • Polasaí maidir le hInneachar Brandáilte: Tá feidhm ag an bpolasaí seo nuair a phostálann tú inneachar ar an Ardán a chuireann branda tríú páirtí nó a tháirgí nó a sheirbhísí chun cinn mar mhalairt ar íocaíocht nó ar aon dreasacht eile.
  • Téarmaí maidir le Gnó: Tá feidhm ag na téarmaí seo má úsáideann tú an tArdán chun críocha laistigh de do thrádáil, do ghnó, do cheird nó do ghairm, lena n-áirítear do ghnó féin a bhainistiú trí do chuntas ar an Ardán nó cuntas a riaradh thar ceann gnó.

Go hachomair: Clúdaíonn na Téarmaí seo an úsáid a bhaineann tú as an Ardán. D'fhéadfadh go mbeadh roinnt téarmaí agus polasaithe breise i bhfeidhm más mian leat rochtain a fháil ar fheidhmiúlacht bhreise, cineálacha áirithe inneachair a phostáil nó a shruthú beo, nó an tArdán a úsáid chun críocha gnó nó tráchtála.

4. Ag Baint Úsáid as an Ardán

4.1 Ár nArdán agus ár múnla gnó

Déanaimid féin agus na cuideachtaí atá cleamhnaithe linn (mar TikTok Inc. agus TikTok Pte. Ltd.) (“Cleamhnaithe”) an tArdán a sholáthar ar fud an domhain.

Leis an ardán ligtear duit féin agus do dhaoine eile inneachar a chruthú, féachaint air, idirghníomhú leis, agus é a roinnt, agus idirghníomhú le daoine eile. Déanaimid codanna de d'eispéireas ar an Ardán a phearsantú freisin, amhail d'fhotha féin “Duitse” a sholáthar duit san aip TikTok. Is gné uathúil de chuid TikTok é an fotha “Duitse” a úsáideann córas molta chun ligean duit réimse leathan inneachair, cruthaitheoirí agus topaicí a aimsiú ar dóigh dóibh a bheith suimiúil duit. Agus an méid atá le moladh á chinneadh, cuireann an córas tosca san áireamh cosúil le 'is maith liom', 'comhroinn', tráchtanna, cuardaigh, éagsúlacht inneachair, agus físeáin a mbíonn an-éileamh orthu. Féadfaidh tú tuilleadh eolais a fháil faoin gcóras molta agus faoi na huirlisí is féidir leat a úsáid chun d'fhotha a shaincheapadh anseo.

Ba mhaith linn an tArdán a bheith ina áit shábháilte, ionas gur féidir le daoine a bheith ar a gcompord agus taitneamh a bhaint as. Oibrímid lenár gComhpháirtithe agus bainimid úsáid as meascán de theicneolaíochtaí (lena n-áirítear trí mhodhanna uathoibrithe), modhnóireacht ar dhaoine, agus tuairiscí ónár n-úsáideoirí chun sáruithe ar na Téarmaí seo agus ár dTreoirlínte Pobail a shainaithint agus a fhorfheidhmiú d'fhonn tú féin agus ár n-úsáideoirí uile a chosaint.

Ní ghearrann muid táille ort chun an chuid is mó de na gnéithe ar an Ardán a úsáid. Ina áit sin, íocann roinnt daoine aonair agus gnólachtaí muid chun fógraí a thaispeáint ar an Ardán, agus féadfaimid coimisiún a ghearradh ar dhíoltóirí ar tháirgí a dhíoltar sa siopa, TikTok Shop.

Is féidir teacht ar fhaisnéis faoin gcaoi a n-úsáidimid sonraí a bhailímid fút inár bPolasaí Príobháideachais agus inár bPolasaí maidir le Fianáin. Ní cuid de na Téarmaí seo iad ach is doiciméid thábhachtacha iad agus molaimid go láidir duit iad a léamh.

Gearraimid táille ar úsáideoirí as roinnt gnéithe den Ardán a úsáid, mar shampla, má cheannaíonn tú boinn fhíorúla (féach ar ár bPolasaí maidir le Boinn), ach tá gnéithe den sórt sin deonach agus cuirfear aon chostais in iúl duit go soiléir sula ngearrfar aon chostas ort.

Go hachomair: Ní gá duit íoc as an úsáid a bhaineann tú as an gcuid is mó de na gnéithe ar ár nArdán ach, mar mhalairt air sin, ligimid do roinnt daoine aonair agus gnólachtaí fógraíocht a dhéanamh ar ár láithreán gréasáin agus faigheann muid íocaíocht as sin.

4.2 Sonraí an chuntais

Is féidir leat roinnt gnéithe bunúsacha den Ardán a úsáid gan cuntas a bheith agat. Má úsáideann tú an tArdán gan aon chuntas agat, ansin beidh feidhm ag na Téarmaí seo fós maidir le húsáid den sórt sin agus próiseálfaimid do shonraí pearsanta fós de réir ár bPolasaí Príobháideachais.

Chun rochtain a fháil ar fheidhmiúlacht iomlán an Ardáin, ní mór duit cuntas a chruthú linn. Is féidir linn cineálacha éagsúla cuntas a sholáthar duit.

Nuair a chruthaíonn tú cuntas, sioncronófar sonraí do chuntais ar fud an Ardáin, lena n-áirítear ar fud gach aip de chuid TikTok. Mar shampla, nuair a chruthaíonn tú cuntas trí TikTok, beidh tú in ann rochtain a fháil ar aon aip eile de chuid TikTok atá ar fáil i do thír féin, mar shampla TikTok Now, agus an cuntas sin á úsáid agat. Sioncronófar sonraí do chuntais, inneachar agus socruithe Ardáin (lena n-áirítear do shocruithe príobháideachais), agus aon athrú a dhéanfaidh tú, ar fud gach aip de chuid TikTok freisin.

Nuair a chruthaíonn tú cuntas chun an tArdán a rochtain agus a úsáid, ní mór duit faisnéis chruinn agus cothrom le dáta a sholáthar fút féin (mar shampla do dháta breithe). Comhaontaíonn tú do chuid sonraí a choinneáil agus a nuashonrú go pras má athraíonn siad. Féach ar ár nIonad Cabhrach chun faisnéis a fháil maidir le cuntas a oscailt.

Tá sé tábhachtach go nglacann tú céimeanna réasúnta chun do phasfhocal a choinneáil faoi rún agus nach nochtann tú é d'aon tríú páirtí. Má tá a fhios agat nó má tá amhras ort go bhfuil do phasfhocal ar eolas ag aon tríú páirtí nó go bhfuil rochtain déanta ag aon tríú páirtí ar do chuntas, cuir sin in iúl dúinn láithreach anseo.

Go hachomair: Tá do chuntas tábhachtach. Coinnigh slán é. Coinnigh do chuid sonraí suas chun dáta. Nuair a chruthaíonn tú cuntas in aip amháin de chuid TikTok, beidh tú in ann rochtain a fháil ar aipeanna eile de chuid TikTok ag baint úsáid as an gcuntas sin (ar choinníoll go bhfuil na haipeanna sin ar fáil i do thír féin) agus sioncronófar sonraí, inneachar agus socruithe do chuntais ar fud na n-aipeanna sin.

4.3 Aois íosta

Ní féidir leat an t -ardán a úsáid ach amháin má tá tú 13 bliana d'aois nó níos sine. Déanaimid faireachán ar úsáid faoi aois agus cuirfimid deireadh le do chuntas má táimid in amhras go réasúnta go bhfuil tú faoi aois nó go bhfuil tú ag ligean do dhuine atá faoi aois do chuntas a úsáid. Féadfaidh tú achomharc a dhéanamh ar ár gcinneadh do chuntas a fhoirceannadh má cheapann tú go ndearna muid botún faoi d'aois.

Go hachomair: Ní mór duit a bheith 13 bliana d'aois nó níos sine chun ár nArdán a úsáid.

4.4 Cad is féidir leat a dhéanamh ar an Ardán

Faoi na Téarmaí seo, is féidir leat an tArdán a úsáid chun:

  • inneachar a chruthú agus a roinnt;
  • idirghníomhú le húsáideoirí eile;
  • féachaint ar inneachar a chruthaigh daoine eile; agus
  • na gnéithe agus an fheidhmiúlacht ar ár nArdán a úsáid mar a chuirtear ar fáil duit iad ó am go ham.

Féach ar ár nIonad Cabhrach chun tuilleadh faisnéise a fháil faoi ghnéithe an Ardáin agus conas iad a úsáid.

Maidir leis an gcead a thugaimid duit:

  • tá sé teoranta don mhéid a luadh go gceadóimís sna Téarmaí seo;
  • is duitse amháin é;
  • ní féidir leat é a thabhairt do dhuine ar bith eile; agus
  • is féidir é a tharraingt siar ar na cúiseanna a cheadaítear sna Téarmaí seo.

Braitheann rochtain ar ghnéithe áirithe den Ardán ar d'aois. Mar shampla:

  • Teachtaireachtaí Díreacha: Ní mór duit a bheith 16 bliana d'aois nó níos sine chun an fheidhmiúlacht teachtaireachtaí díreacha a úsáid.
  • TikTok BEO: Caithfidh tú a bheith 18 mbliana d'aois nó níos sine chun beoshruthú a dhéanamh agus chun gnéithe den bheoshruthú a úsáid.
  • Míreanna Fíorúla: Ní mór duit a bheith 18 mbliana d'aois nó níos sine chun idirghníomhú le míreanna fíorúla.

Go hachomair: Is féidir leat a lán rudaí a dhéanamh ar ár nArdán ach féadtar nach mbeidh tú in ann gach gné a úsáid mura bhfuil tú sean go leor.

4.5 Na rudaí nach féidir leat a dhéanamh ar an Ardán

Tá feidhm ag ár dTreoirlínte Pobail maidir le gach duine agus maidir leis an inneachar go léir ar an Ardán. Más mian leat an tArdán a úsáid, ní féidir leat inneachar a chruthú, a phostáil, a roinnt, nasc a dhéanamh leis nó idirghníomhú leis ar shlí eile de shárú ar ár dTreoirlínte Pobail.

Ar aon chuma, níor cheart duit an tArdán a úsáid chun:

  • aon rud mídhleathach a dhéanamh (lena n-áirítear inneachar mídhleathach a phostáil, a bheoshruthú nó a dháileadh);
  • aon ní a dhéanamh a sháraíonn na dlíthe nó na rialacháin is infheidhme maidir le sciúradh airgid a chomhrac, maoiniú na sceimhlitheoireachta a chomhrac, rialuithe onnmhairiúcháin agus smachtbhannaí eacnamaíocha;
  • teagmháil a dhéanamh le mionaoisigh ar bhealach dúshaothraithe nó míchuí;
  • an bonn a bhaint d'oibríochtaí nó de shlándáil an Ardáin;
  • dul i mbun iompraíochtaí tráchtála neamhdhlisteanacha amhail cuntais turscair nó pearsanaithe (calaois bunaithe ar an gcosúlacht) a oibriú nó trí aon mhodh eile a shonraítear tuilleadh inár dTreoirlínte Pobail;
  • achomhairc, tuarascálacha, fógraí nó gearáin a chur isteach ar follasach go bhfuil siad gan bhunús;
  • sonraí nó inneachar de chineál ar bith a bhaint as an Ardán ag baint úsáid as aon chóras nó aon bhogearra uathoibrithe nach soláthraíonn TikTok nó nach gceadaíonn TikTok i scríbhinn; nó
  • triail a bhaint as cuntas úsáideora eile a úsáid nó iarracht a dhéanamh é a úsáid gan údarú.

Ina theannta sin ní mór duit gan aon inneachar de na cineálacha seo a leanas a phostáil, a bheoshruthú ná a dháileadh ar bhealach eile ar an Ardán:

  • inneachar a sháraíonn cearta aon duine eile (amhail maoin intleachtúil, príobháideachas agus/nó cearta pearsantachta daoine beo nó éagtha);
  • inneachar arb é atá ann, a spreagann nó a sholáthraíonn treoracha maidir le cion coiriúil, nó gníomhaíochtaí contúirteacha a bhféadfadh gortú tromchúiseach nó bás nó féindochar a bheith mar thoradh orthu;
  • inneachar a scaipeann mífhaisnéis dhíobhálach amhail mífhaisnéis a spreagann fuath nó dochar nó a chuireann daoine amú nó a imríonn tionchar míchuí ar thoghcháin nó ar phróisis shibhialta eile;
  • inneachar ina bhfuil bagairt de chineál ar bith ann nó a chuireann imeaglú ar dhaoine eile nó a chiapann iad, lena n áirítear aon inneachar a chur suas atá beartaithe chun magadh a dhéanamh faoi dhuine, náire nó imeagla a chur ar dhuine, nó chun duine a ghortú;
  • inneachar atá gáirsiúil, pornagrafach nó a chuireann inneachar gnéasach follasach chun cinn (i.e. trí nascadh le suímh ghréasáin d'aosaigh nó suímh ghréasáin phornagrafacha);
  • inneachar atá gránna nó gríosaitheach;
  • inneachar ina bhfuil foréigean nó leithcheal bunaithe ar chine, eitneachas, bunadh náisiúnta, reiligiún, sainaicme, gnéaschlaonadh, gnéas, aitheantas inscne, galar tromchúiseach, míchumas, stádas inimirce nó aois, nó ina gcuirtear an foréigean nó an leithcheal sin chun cinn; nó
  • inneachar ina gcuimsítear inneachar atá díobhálach ar shlí eile (amhail inneachar a dhéanann dochar fisiciúil, meabhrach nó morálta do mhionaoisigh).

Is féidir leat inneachar mídhleathach amhrasta nó inneachar a sháraíonn na Téarmaí seo nó ár dTreoirlínte Pobail ar shlí eile a thuairisciú trí na feidhmiúlachtaí tuairiscithe a chuirtear ar fáil ar an Ardán nó anseo.

Go hachomair: Bain sult as ár nArdán a úsáid ach, chun leasa ár n-úsáideoirí go léir, tá rialacha ann nach mór duit a leanúint. Má fheiceann tú rud éigin nár cheart a bheith ar ár nArdán, cuir sin in iúl dúinn.

4.6 D' inneachar féin

Tá sé tábhachtach go dtuigeann tú cad a tharlaíonn don inneachar a chruthaíonn tú, a phostálann tú nó a roinneann tú ar an Ardán:

  • Tá tú freagrach as an inneachar a chuireann tú ar fáil ar an Ardán agus ba cheart go mbeadh na cearta go léir agat is gá chun inneachar a chruthú, a phostáil nó a roinnt ar an Ardán.
  • Nuair a chruthaíonn tú, nuair a phostálann tú nó nuair a roinneann tú inneachar trí aip amháin de chuid TikTok, féadfar an t-inneachar sin a phostáil agus a roinnt go huathoibríoch ar fud aipeanna eile de chuid TikTok (cé go mbeidh feidhm fós ag do shocruithe príobháideachais ar fud gach aon aip). Mar shampla, nuair a phostálann tú físeán ar TikTok Now, postálfar an físeán sin freisin ar TikTok agus beidh sé ar fáil ar TikTok.
  • Déanaimid athbhreithniú réamhghníomhach ar inneachar (trí chórais atá i bhfeidhm againn a bhraitheann inneachar mídhleathach agus díobhálach) agus go frithghníomhach (mar shampla, ar fhógra a fháil ó úsáideoirí nó ó údaráis). Chun sin a dhéanamh úsáidimid meascán de theicneolaíocht agus modhnóirí daonna. Mionsonraítear ár gcur chuige maidir le modhnóireacht ar inneachar tuilleadh anseo.
  • Féadfaimid rochtain ar aon inneachar a bhaint nó a shrianadh, lena n-áirítear d'inneachar féin, má chreidimid go réasúnach (i) go bhfuil sé ag sárú na dTéarmaí seo nó ár dTreoirlínte Pobail; nó (ii) go ndéanann sé dochar dúinn, dár gCleamhnaithe, dár n-úsáideoirí nó do thríú páirtithe eile. Leagtar amach inár dTreoirlínte Pobail conas a d'fhéadfaí inneachar a bhaint nó a shrianadh ar an Ardán.
  • Má bhainimid nó má shrianaimid rochtain ar d' inneachar, tabharfaimid fógra duit gan aon mhoill mhíchuí agus luafaimid na cúiseanna lenár gcinneadh, mura bhfuil sé oiriúnach dúinn déanamh amhlaidh (mar shampla, tá cosc dlíthiúil orainn déanamh amhlaidh).
  • Má cheapann tú go ndearnamar botún maidir le rochtain ar d'inneachar a bhaint nó a shrianadh, is féidir leat achomharc a dhéanamh tríd na feidhmiúlachtaí achomhairc a chuirtear ar fáil ar an Ardán agus déanfaimid athbhreithniú ar ár gcinneadh agus déanfaimid cinneadh arís. Leagtar amach tuilleadh faisnéise maidir le conas achomharc a chur isteach, ár bpróiseas láimhseála gearán agus féidearthachtaí sásaimh eile anseo.
  • Tá saoirse agat d' inneachar a bhaint den Ardán ag am ar bith. Nuair a bhainfidh tú d'inneachar d'aip amháin de chuid TikTok, bainfear freisin é d'aipeanna eile de chuid TikTok, mar shampla, nuair a scriosfaidh tú físeán a chuir tú ar fáil ar TikTok Now, scriosfar é ó TikTok freisin.
  • Ag brath ar do shocruithe Ardáin, má bhain úsáideoirí eile an Ardáin úsáid as d'inneachar chun inneachar nua a chruthú (e.g. trí Duet nó Stitch a úsáid) nó má rinne úsáideoirí eile d' inneachar a roinnt ar sheirbhísí tríú páirtí, ansin féadfaidh an t-inneachar nua sin fanacht ar an Ardán nó ar na seirbhísí tríú páirtí sin fiú má scriosann tú d'inneachar nó do chuntas ina dhiaidh sin. Féadfaidh tú iarratas ar leith a dhéanamh go scriosfar físeáin Duet nó Stitch ina bhfuil d'inneachar.
  • Is féidir leat srian a chur ar an gcaoi a n-idirghníomhaíonn úsáideoirí eile le d'inneachar agus ar an gcaoi a n-úsáideann úsáideoirí eile d'inneachar i do shocruithe Ardáin. Ba chóir duit tú féin a chur ar an eolas faoi na socruithe sin sula ndéanann tú inneachar a phostáil ar an Ardán.

4.7 Inneachar Tráchtála a Phostáil

Mura bhfuil tú ag úsáid ceann de sheirbhísí fógraíochta íoctha TikTok (e.g. Promote nó TikTok Ads Manager), atá faoi réir a dtéarmaí féin tá feidhm leis an méid a leanas:

  • aon uair a phostálann tú inneachar a chuireann branda, táirge nó seirbhís chun cinn ar an Ardán, ní mór duit an caidreamh tráchtála sin a nochtadh ag baint úsáid as an scorán nochta maidir le hinneachar tráchtála laistigh den aip. Féadtar rochtain a fháil an scorán laistigh de na socruithe nochta inneachair nuair a phostálann tú físeán; agus
  • má phostálann tú inneachar ar an Ardán a chuireann branda tríú páirtí nó a tháirgí nó a sheirbhísí chun cinn mar mhalairt ar íocaíocht nó ar aon dreasacht eile, ní mór duit an Polasaí maidir le hInneachar Brandáilte a chomhlíonadh freisin.


  • Go hachomair: Ní mór duit aon inneachar tráchtála a nochtadh ag baint úsáid as an scorán atá ar fáil laistigh den aip. Nuair a phostálann tú faoi bhranda nó táirge nó seirbhís mar mhalairt ar aon íocaíocht nó dreasacht eile, ba cheart duit ár bPolasaí maidir le hInneachar Brandáilte a léamh agus a áirithiú go leanann tú na rialacha breise sin.
  • 4.8 Cearta maoine intleachtúla daoine eile a urramú

  • Go hachomair: Ba cheart duit ár bPolasaí maidir le Maoin Intleachtúil a léamh agus na rialacha breise sin a leanúint.
  • 4.9 Úinéireacht ar inneachar agus deonú ceadúnas

  • Níl úinéireacht againn ar d'inneachar. Más tusa úinéir na gceart maoine intleachtúla san inneachar a chuireann tú ar fáil ar an Ardán, ansin ní athraíonn aon rud sna Téarmaí seo an méid sin.
  • Chun an tArdán a sholáthar, is gá dúinn cearta áirithe a bheith againn uait (ar a dtugtar ceadúnas). Leagtar amch mionsonraí na gceadúnas sin thíos.
  • Trí inneachar a chruthú, a phostáil nó a chur ar fáil ar an Ardán ar bhealach eile, deonaíonn tú an méid a leanas do TikTok:
    • neamheisiach (rud a chiallaíonn gur féidir leat d'inneachar a cheadúnú do dhaoine eile),
    • saor ó ríchíosanna (rud a chiallaíonn nach n-íocaimid thú as an gceadúnas seo),
    • inaistrithe (rud a chiallaíonn gur féidir linn na cearta a thugann tú dúinn a thabhairt do dhuine eile),
    • focheadúnaithe (rud a chiallaíonn gur féidir linn d'inneachar a cheadúnú do dhaoine eile, e.g. do sholáthraithe seirbhíse a chuidíonn linn an tArdán a sholáthar nó do thríú páirtithe iontaofa a rinne comhaontuithe linn chun an tArdán a oibriú, a fhorbairt agus a sholáthar) agus
    • ar fud an domhain (rud a chiallaíonn go bhfuil feidhm ag an gceadúnas áit ar bith ar domhan)
  • ceadúnas chun d' inneachar a úsáid, lena n-áirítear chun saothair dhíorthacha a atáirgeadh (i.e. a chóipeáil), a oiriúnú nó a dhéanamh (e.g. fotheidil a aistriú agus/nó a chruthú), d'inneachar a léiriú agus a chur in iúl don phobal (e.g. é a thaispeáint), chun an tArdán a oibriú, a fhorbairt agus a sholáthar, faoi réir do shocruithe Ardáin.
  • Leathnaíonn an ceadúnas ar d'inneachar a dheonaíonn tú dúinn chuig Cleamhnaithe mar chuid den Ardán a chur ar fáil.
  • Deonaíonn tú ceadúnas neamheisiach, saor ó ríchíosanna, ar fud an domhain do gach úsáideoir den Ardán freisin chun d'inneachar a rochtain agus a úsáid, lena n-áirítear chun saothair dhíorthacha a atáirgeadh (e.g. a chóipeáil, a roinnt nó a íoslódáil), a oiriúnú nó a dhéanamh (e.g. d'inneachar a chur san áireamh ina n-inneachar) an t-inneachar sin a dhéanamh agus a chur in iúl don phobal (e.g. é a thaispeáint) ag baint úsáid as gnéithe agus feidhmeanna an Ardáin chun críocha siamsaíochta, faoi réir do shocruithe Ardáin.
  • Críochnaíonn do cheadúnais do TikTok agus d'úsáideoirí nuair a dhúnann tú do chuntas nó nuair a bhainimid d'inneachar ón Ardán de réir na dTéarmaí seo. Mar gheall ar chineál an Ardáin agus ár n-oibleagáidí dlíthiúla, áfach, leanfar leis an gceadúnas a dheonaítear tar éis duit d'inneachar a bhaint a mhéid:
    • gur inneachar thug tú cead, trí do shocruithe Ardáin, d'úsáideoirí eile an Ardáin d'inneachar a úsáid nó a athúsáid (e.g. trí úsáid a bhaint as feidhmiúlachtaí Duet, Stitch, feidhmiúlachtaí íoslódála nó roinnte); nó
    • go bhfuil dualgas orainn d' inneachar a stóráil nó a phróiseáil ar chúiseanna dlíthiúla.
  • Má roghnaíonn tú tuairimí, smaointe nó aiseolas a chur isteach chugainn, comhaontaíonn tú go bhfuil saoirse againn iad a úsáid chun an tArdán a oibriú, a fhorbairt, a fheabhsú agus a sholáthar gan chúiteamh duit.
  • Go hachomair: Nuair a phostálann tú inneachar ar an Ardán, is leatsa é fós, ach is féidir linn é a úsáid chun an tArdán a sholáthar, agus má roghnaíonn tú d'inneachar a chur ar fáil do dhaoine eile, is féidir linn é a thaispeáint d'úsáideoirí eile agus b'fhéidir go mbeidh na húsáideoirí eile sin in ann é a úsáid freisin. Is é sin a bhfuil i gceist lenár nArdán trí chéile. Má tharraingíonn tú anuas é níos déanaí, féadfaidh cóipeanna de arna ndearnadh ag úsáideoirí eile bheith fós ar an Ardán.
  • 5. An méid a gheallfaimid duit

  • Geallaimid an tArdán a sholáthar duit le scil agus cúram réasúnach agus gníomhú le dícheall gairmiúil chomh fada agus a roghnaímid an tArdán a thairiscint. Glacfaimid gach céim réasúnach freisin chun timpeallacht shábháilte agus shlán a choinneáil dár n-úsáideoirí. Ní geallaimid an tArdán a thairiscint go deo ná ina fhoirm reatha ar feadh aon tréimhse áirithe ama.
  • Is inneachar arna ghiniúint ag úsáideoirí den chuid is mó é an t-inneachar ar an Ardán a sholáthraíonn na daoine aonair agus na gnóthais a úsáideann ár nArdán. Is é sin le rá, ní hé TikTok cruthaitheoir an chuid is mó den inneachar ar an Ardán (cé go bhféadfaidh TikTok roinnt inneachair a tháirgeadh). Dá bhrí sin, faoi réir aon rialachán nó dlí éigeantach (lena n-áirítear rialacháin nó dlíthe earnála) is infheidhme maidir le TikTok, ní féidir agus ní gheallann TikTok go bhfuil aon chuid den inneachar a ghineann úsáideoirí a dtagann tú air ar an Ardán:
    • cruinn, iomlán nó cothrom le dáta;
    • nach sáraíonn cearta tríú páirtí;
    • dleathach; nó
    • nach gcuirfidh sé olc ort.
  • Tuigeann tú agus comhaontaíonn tú nach léiríonn an t- inneachar a fheiceann tú ar an Ardán ár dtuairimí nó ár luachanna agus féadfar nach mbeadh sé oiriúnach do do chuspóir.
  • D'fhéadfadh naisc a bheith ar an Ardán chuig suímh ghréasáin tríú páirtí, fógraí, seirbhísí, tairiscintí nó imeachtaí nó gníomhaíochtaí eile nach bhfuil curtha ar fáil, faoi úinéireacht nó á rialú ag TikTok. Ní thacaímid le haon suíomh gréasáin, fógra, seirbhís, tairiscint, imeacht, gníomhaíocht, faisnéis, inneachar nó táirgí tríú páirtí den sórt sin. Baineann tú úsáid astu ar do phriacal féin.
  • Ar choinníoll gur ghníomhaigh muid le dícheall gairmiúil, ní ghlacaimid freagracht as caillteanas nó damáiste a rinneamar, ach amháin má tharla sé:
    • de bharr gur sháraigh muid na Téarmaí seo; nó
    • gur féidir é a thuar le réasún tráth déanta na dTéarmaí seo (i.e. is léir go dtarlóidh sé nó, tráth an chonartha seo, is eol go bhféadfadh sé tarlú).
  • Ní ghlacaimid freagracht as caillteanas nó damáiste má tharlaíonn sé de bharr imeachtaí nach bhfuil smacht réasúnta againn orthu.
  • Ní dhéanann aon ní sna Téarmaí seo difear d'aon cheart reachtúil nach féidir leat comhaontú go conarthach iad a athrú nó a thabhairt suas, nó a bhfuil tú ina dteideal de réir dlí i gcónaí, mar shampla, toisc gur tomhaltóir tú.
  • Ní dhéanaimid ár ndliteanas duit a eisiamh nó a theorannú ar bhealach ar bith nuair a bheadh sé mídhleathach déanamh amhlaidh. Beidh cosaint iomlán agat i gcónaí ar na dlíthe a bhaineann leat.
  • Má tá cónaí ort in LEE, tugann dlíthe tomhaltóirí LEE ráthaíocht dhlíthiúil duit lena gcumhdaítear an tArdán. Má tá aon cheist agat faoi do ráthaíocht dhlíthiúil, déan teagmháil linn anseo.
  • Go hachomair: Déanfaimid iarracht i gcónaí eispéireas úsáideora an-mhaith agus sábháilte a sholáthar duit, ach glacann tú leis an Ardán mar atá sé agus tuigeann tú nach mbíonn smacht againn ar gach rud atá air. Ní féidir linn a ghealladh freisin go mbíonn an t-inneachar go léir a phostáiltear ar an Ardán den chineál a thaitníonn leat. Más tomhaltóir LEE tú, tá ráthaíocht dhlíthiúil agat lena gcumhdaítear an tArdán, agus is féidir leat éileamh ráthaíochta a dhéanamh trí theagmháil a dhéanamh linn.
  • 6. Ár gcaidreamh a chur ar fionraí nó deireadh a chur leis

    6.1 Do chearta

  • Féadfaidh tú do chuntas a fhoirceannadh tráth ar bith trí do chuntas a dhúnadh agus trí stop a chur leis an úsáid a bhaineann tú as an Ardán. Tá treoracha maidir le conas é sin a dhéanamh san Ionad Cabhrach. Más tomhaltóir tú atá bunaithe in LEE, ansin is féidir leat do chuntas a dhúnadh agus tarraingt siar ón gconradh seo om am ar bith, ionaipe nó ag baint úsáid as an bhfoirm aistarraingthe samhla atá le fáil anseo.Tá feidhm ag do chuntas ar fud aip agus suíomh gréasáin TikTok, TikTok Now, agus aon tseirbhís eile de chuid TikTok a bhfuil do chuntas nasctha leo, mar sin nuair a dhúnann tú do chuntas laistigh d'aip amháin de chuid TikTok, caillfidh tú rochtain ar d'inneachar agus ar do chuntas ar fud na seirbhísí eile ar fad de chuid TikTok atá ceangailte leis an gcuntas sin.Mar sin féin, ag brath ar do shocruithe Ardáin, d'fhéadfadh go mbeadh cuid de d'inneachar fós ar fáil ar an Ardán tar éis duit do chuntas a scriosadh.Go hachomair: Is mian linn go bhfanfaidh tú, ach is féidir leat imeacht uainn aon uair is mian leat má dhúnann tú do chuntas agus má stopann tú den Ardán a úsáid.
  • 6.2 Cearta TikTok

  • I gcás sárú amhrasta ar na Téarmaí seo nó ar ár dTreoirlínte Pobail, d'fhéadfaimis imscrúdú a dhéanamh. Agus muid ag déanamh amhlaidh, tá cead againn cuid de d'inneachar nó an t-inneachar go léir a bhaint anuas, nó do rochtain ar chuid de ghnéithe an Ardáin, nó iad go léir, a chur ar fionraí, ag gníomhú go réasúnta agus go hoibiachtúil ag brath ar thromchúis an tsáraithe amhrasta.
  • Ina dhiaidh sin, d'fhéadfaimis a chinneadh do chuntas a chur ar fionraí nó a fhoirceannadh go sealadach, nó teorainneacha a fhorchur ar do rochtain ar ghnéithe den Ardán, nó srian a chur orthu, más rud é:
    • go gcinnimid, ag gníomhú go réasúnta agus go hoibiachtúil, go bhfuil tú ag sárú na dTéarmaí seo nó ag sárú ár dTreoirlínte Pobail ó thaobh inneachair de nó go bhfuil sárú in athuair ann;
    • go bhfuil forais oibiachtúla againn chun a chreidiúint go réasúnta go bhfuil tú ar tí na Téarmaí Cláir seo, ár dTéarmaí Seirbhíse nó ár dTreoirlínte Pobail a shárú go tromchúiseach;
    • go bhfuil oibleagáid dhlíthiúil orainn déanamh amhlaidh; nó
    • go bhfuil sé ag teastáil go réasúnach mar fhreagairt ar dhéileáil le saincheist thromchúiseach theicniúil nó slándála.
  • Déanaimid taifead ar an líon uaireanta a sháraigh do chuntas ár dTéarmaí. D'fhéadfadh cosc buan ar chuntas a bheith mar thoradh ar sháruithe leanúnacha nó mar thoradh ar shárú tromchúiseach amháin. Le haghaidh tuilleadh faisnéise féach anseo.Má tá do chuntas foirceanta againn roimhe seo mar gheall ar sháruithe ar na Téarmaí seo nó ar na Treoirlínte Pobail, ach má úsáideann tú ár nArdán arís (mar shampla, trí chuntas eile a oscailt), táimid i dteideal aon chuntas den sórt sin a chur ar fionraí nó a fhoirceannadh.Tabharfaimid fógra duit roimh ré chun am a thabhairt duit do chuid sonraí a íoslódáil ionaipe (tá tuilleadh faisnéise faoi conas é sin a dhéanamh ar fáil anseo), ach amháin sa chás nach bhfuil sé oiriúnach dúinn é sin a dhéanamh nó sa chás go gcreidimid go réasúnta go ndéanfaidh rochtain leanúnach ar do chuntas damáiste dúinn, do Chleamhnaithe, dár n-úsáideoirí nó do thríú páirtithe eile, nó go gcoiscfear orainn go dlíthiúil é sin a dhéanamh.Má cheapann tú go ndearnamar botún maidir le do chuntas a chur ar fionraí nó a fhoirceannadh, is féidir leat achomharc a dhéanamh tríd na feidhmiúlachtaí achomhairc a chuirtear ar fáil ar an Ardán. Déanfaimid athbhreithniú ar ár gcinneadh agus déanfaimid cinneadh in athuair.Chun amhras a sheachaint, má chuirimid do chuntas ar fionraí nó má dhéanaimid do chuntas a fhoirceannadh, nó má scriosann tú do chuntas, caillfidh tú rochtain ar gach aip de chuid TikTok, lena n-áirítear TikTok agus TikTok Now.Go hachomair: Tá rialacha againn agus, má bhriseann tú iad, is féidir le TikTok gníomh a dhéanamh i do choinne agus féadfaidh foirceannadh do chuntais a bheith san áireamh ansin.
  • 7. Athruithe ar na Téarmaí seo nó ar an Ardán

    7.1 Cad a tharlaíonn nuair a dhéanaimid athruithe

  • Féadfaimid athruithe a dhéanamh ar na Téarmaí agus Coinníollacha seo ó am go ham. Má dhéanaimid amhlaidh, breithneoimid do leasanna réasúnta sula ndéanfaimid amhlaidh.
  • Tabharfaimid réamhfhógra réasúnta duit, ar bhealach trédhearcach, faoi athruithe suntasacha a mbeidh tionchar acu ort agus ar an dáta a dtiocfaidh siad i bhfeidhm. Ní bheidh feidhm ag na hathruithe ach amháin maidir lenár gcaidreamh amach anseo.
  • I gcás inar gá dúinn athruithe práinneacha a dhéanamh ar cheanglais slándála, sábháilteachta, dhlíthiúla nó rialála, b’fhéidir nach mbeimid in ann réamhfhógra a thabhairt duit, ach cuirfimid ar an eolas thú a luaithe is féidir.
  • Mura n-aontaíonn tú leis na hathruithe ar na Téarmaí nó ar an Ardán, beidh ort stopadh de bheith ag baint úsáid as an Ardán.
  • Go hachomair: Má athraíonn na Téarmaí seo, cuirfimid sin in iúl duit. Ní athróidh sé rud ar bith eadrainn a tharla cheana ach, más mian leat leanúint ar aghaidh ag úsáid an Ardáin amach anseo, beidh ort comhaontú leis na hathruithe. Tiocfaidh forbairt ar ár nArdán de réir mar a fheabhsóimid é.
  • 7.2 Cúiseanna le hathruithe

  • Is iad a leanas na cúiseanna a d'fhéadfaimis athruithe a dhéanamh ar na Téarmaí seo nó ar an Ardán:
    • tá athruithe ar chúinsí nach bhfuil smacht réasúnta againn orthu;
    • athruithe ar an dlí;
    • athruithe a dhéanaimid ar an Ardán sa ghnáthchúrsa chun ár dtáirge a fhorbairt;
    • chun oiriúnú do theicneolaíochtaí nua;
    • chun athruithe ar líon na ndaoine a úsáideann an tArdán nó aon ghné nó feidhmiúlacht ábhartha den Ardán a léiriú; nó
    • chun aghaidh a thabhairt ar cheist slándála.
  • Go hachomair: Ní fhanfaidh ár nArdán mar an gcéanna go deo, ach beimid trédhearcach nuair a dhéanfaimid athruithe móra.
  • 8. Díospóidí a réiteach

  • Tá na Téarmaí seo á rialú ag dlí na dlínse ina bhfuil tú i do chónaí.
  • Má bhíonn díospóid againn, déanfaimid iarracht ar dtús í a réiteach leat go cairdiúil.
  • Mura féidir linn ár ndíospóid a réiteach, is féidir leat féin nó is féidir linne dul chuig do chúirteanna áitiúla. Is féidir leat dul chuig na cúirteanna seo a leanas freisin:
    • beidh dlínse neamheisiach ag cúirteanna Phoblacht na hÉireann ar dhíospóidí le TikTok Technology Limited; agus
    • beidh dlínse neamheisiach ag cúirteanna Shasana agus na Breataine Bige maidir le díospóidí le TikTok Information Technologies UK Limited.
  • Má tá cónaí ort in LEE, is féidir leat an díospóid a ardú le comhlacht malartach um réiteach díospóidí tríd an Ardán um Réiteach Díospóide Ar Líne (ODR) de chuid Choimisiún an Aontais.
  • Go hachomair: Tá súil againn nach mbeidh aon díospóid ann ach, má bhíonn, tá cúpla bealach ann ar féidir linn iarracht a dhéanamh í a réiteach.
  • 9. Eile

  • Ní fhéadfaidh tú na Téarmaí seo, agus aon cheart agus cead a dheonaítear iontu, a aistriú nó a shannadh, ach féadfaidh TikTok iad a shannadh gan srian. Má dhéanaimid amhlaidh, ní dhéanfaidh sé sin difear d'aon cheart a d'fhéadfadh a bheith agat mar thomhaltóir. Agus, mura bhfuil tú sásta, tá sé de cheart agat i gcónaí an conradh seo a fhoirceannadh agus stopadh de bheith ag baint úsáid as an Ardán in am ar bith.
  • Go hachomair: Níl aon phlean againn é sin a dhéanamh, ach má dhíolfaimid ár ngnó ina iomláine nó cuid de nó má atheagraímid ár ngnó amach anseo, d'fhéadfadh cuideachta eile an tArdán a sholáthar duit.
  • Féadfaimid ainm do chuntais a aisghabháil agus é a chur ar fáil d'úsáideoirí eile nuair nach bhfuil tú logáilte isteach i do chuntas ar feadh 6 mhí nó má chreidimid go réasúnta go sáraíonn ainm do chuntais ár dTéarmaí agus/nó ár dTreoirlínte Pobail (e.g. sáraíonn ainm do chuntais trádmharc tríú páirtí).
  • Go hachomair: Féadfaimid ainm do chuntais a aiséileamh i gcúinsí áirithe.
  • Fiú má bhíonn moill orainn nó ortsa foráil de na Téarmaí seo a fhorfheidhmiú, is féidir le ceachtar againn é a fhorfheidhmiú níos déanaí. Mura n-éilímid nó mura n-éilíonn tusa láithreach go ndéanaimid nó go ndéanann tusa aon ní a cheanglaítear ar an duine eile a dhéanamh faoi na Téarmaí seo, nó bhíonn moill ar chéimeanna a ghlacadh i gcoinne an duine eile maidir leis na Téarmaí seo a shárú, ní chiallaíonn sé sin nach gcaithfimid féin nó nach gcaithfidh tusa na rudaí sin a dhéanamh agus ní choiscfidh sé sib orainn ná ortsa céimeanna a ghlacadh i gcoinne an duine eile níos déanaí.
  • Go hachomair: Díreach toisc nach bhfuil tú féin nó muidne ag brath ar cheann de na Téarmaí seo, ní athraíonn sé seo go gcomhaontaíonn an bheirt againn gurb iad na Téarmaí seo, mar atá siad scríofa, an comhaontú eadrainn.
  • 10. Teagmháil a dhéanamh le TikTok

  • Is féidir leat teagmháil a dhéanamh linn anseo: D'aiseolas a roinntI roinnt tíortha, éilíonn an dlí orainn faisnéis rialála agus/nó pointí teagmhála breise a sholáthar laistigh den tír, cé go mb'fhéidir nach mbeimis i láthair go fisiciúil ansin. Is féidir leat teacht ar an eolas seo anseo.